Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 8:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Dhíol an chuid eile a raibh de mhaoin fágtha acu, ag achainí ar an Tiarna san am céanna iad a fhuascailt ó Niocánór na haindiagachta a bhí tar éis iad a dhíol fiú roimh dul i ngleic leo -

15. agus mura ndéanfadh sé amhlaidh ar a son féin é a dhéanamh ar a laghad ar son na gconarthaí a rinneadh lena sinsir agus de bhrí go raibh a ainm naofa oirearc féin á thabhairt aige orthu.

16. Thionóil an Macabaech a chuid fear, timpeall sé mhíle a líon, agus ghríosaigh iad gan scéin a bheith orthu roimh an namhaid, agus gan eagla a bheith orthu roimh an mathshlua de ghintlithe a bhí ag teacht ina gcoinne le teann urchóide, ach cath a thabhairt go calma,

17. agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.

18. “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”

19. Chuir sé i gcuimhne dóibh freisin na huaireanta a thángthas i gcabhair ar a sinsir - an uair úd le linn Shanaichéiríb nuair a cailleadh céad ochtó cúig mhíle,

20. agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.

21. Thug sé misneach dóibh leis na focail sin i dtreo go raibh siad réidh le bás a fháil ar son a ndlíthe agus ar son a dtíre; ansin roinn sé a arm ina cheithre dhíorma,

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 8