Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 8:10-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Bheartaigh Niocánór go ndéanfadh sé an cháin de dhá mhíle tallann a bhí ag dul do na Rómhánaigh ón rí a bhailiú trí na príosúnaigh Ghiúdacha a ghabhfaí a dhíol mar dhaoráin.

11. Chuir sé scéala ar an toirt go dtí na cathracha ar fheorainn na farraige ag tabhairt cuireadh dóibh daoir Ghiúdacha a cheannach agus á gheallúint go dtabharfadh sé nócha daor ar thallann, gan aon súil aige le breithiúnas an Uilechumhachtaigh a bhí ar a thí.

12. Nuair a fuair Iúdás gaoth an fhocail go raibh Niocánór ar a bhealach, agus gur chuir sé in iúl dá lucht leanúna go raibh an armáil chucu,

13. an mhuintir mheata gan mhuinín as cóir Dé, bhaineadar as na bonna é agus d'imíodar leo.

14. Dhíol an chuid eile a raibh de mhaoin fágtha acu, ag achainí ar an Tiarna san am céanna iad a fhuascailt ó Niocánór na haindiagachta a bhí tar éis iad a dhíol fiú roimh dul i ngleic leo -

15. agus mura ndéanfadh sé amhlaidh ar a son féin é a dhéanamh ar a laghad ar son na gconarthaí a rinneadh lena sinsir agus de bhrí go raibh a ainm naofa oirearc féin á thabhairt aige orthu.

16. Thionóil an Macabaech a chuid fear, timpeall sé mhíle a líon, agus ghríosaigh iad gan scéin a bheith orthu roimh an namhaid, agus gan eagla a bheith orthu roimh an mathshlua de ghintlithe a bhí ag teacht ina gcoinne le teann urchóide, ach cath a thabhairt go calma,

17. agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.

18. “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”

19. Chuir sé i gcuimhne dóibh freisin na huaireanta a thángthas i gcabhair ar a sinsir - an uair úd le linn Shanaichéiríb nuair a cailleadh céad ochtó cúig mhíle,

20. agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.

21. Thug sé misneach dóibh leis na focail sin i dtreo go raibh siad réidh le bás a fháil ar son a ndlíthe agus ar son a dtíre; ansin roinn sé a arm ina cheithre dhíorma,

22. agus chuir sé a dheartháireacha Síomón, Iósaef agus Iónátán i gceannas ar dhíorma an duine, cúig céad déag faoi gach fear díobh.

23. D'ordaigh sé d'[Eisdrias] freisin léamh os ard as an leabhar naofa, agus thug dóibh an focal faire: “Cabhair Dé.” Ansin chuaigh sé féin i gceannas ar an gcéad díorma agus chuir cath ar Niocánór.

24. Leis an Uilechumhachtach mar chomhghuaillí, mharaigh siad breis agus naoi míle dá naimhde agus rinneadar formhór arm Niocánór a ghoineadh nó a leonadh agus chuir siad an teitheadh orthu go léir.

25. Leag siad féin lámh ar airgead lucht a gceannaithe mar dhaoir. Chuaigh siad sa tóir orthu ar feadh tamaill fhada, ach ansin d'fhill siad cheal ama.

26. Ba í oíche na sabóide í agus dá bhrí sin níor lean siad sa tóir orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 8