Nuair a bhí slán fágtha ag an gcéad deartháir leis an saol seo ar an gcuma sin, thug siad an dara duine díobh ar aghaidh le bheith mar sheó acu. Nuair a bhí idir chraiceann agus ghruaig stollta dá cheann acu, d'fhiafraíodar de: “An íosfaidh tú sula stolltar do chorp ó chéile géag ar ghéag?”