Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 2:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Tá sé ar phár chomh maith go bhfuair an fáidh rabhadh ó oracal agus gur thug sé ordú an bhoth agus an áirc a sheoladh leis agus go ndeachaigh sé suas ar an gcnoc mar a ndeachaigh Maois agus go bhfaca sé oidhreacht Dé.

5. Nuair a tháinig sé ansiúd fuair sé pluais chónaithe ann, agus thug sé isteach inti an bhoth, an áirc, agus altóir na túise agus ansin dhún sé an béal go daingean.

6. Tháinig cuid dá lucht leanúna aníos chun an tslí a mharcáil, ach chuaigh díobh í a fháil.

7. Nuair a chuala Irimia ina thaobhsan, rinne sé ceartú orthu agus dúirt: “Ní bheidh fios na háite ag an duine nó go mbaileoidh Dia a phobal le chéile arís agus a thrócaire a thaispeáint [dóibh].

8. Ansin déanfaidh an Tiarna na nithe sin go léir a fhoilsiú agus feicfear glóir an Tiarna agus an néal faoi mar a thaibhsigh le linn Mhaois, agus nuair a ghuigh Solamh go ndéanfaí an áit a naomhú go héachtach.”

9. Cuireadh in iúl freisin gur ofráil Solamh le barr gaoise íobairt choisricthe agus chríochnaithe an Teampaill.

10. Faoi mar a ghuigh Maois chun Dé agus gur tháinig tine anuas ó neamh, agus gur dhóigh sí na híobairtí, ghuigh Solamh sa tslí chéanna agus tháinig tine anuas agus loisc sí na híobairtí dóite ar fad.

11. Dúirt Maois: “De bhrí nár itheadh an íobairt pheaca is ea rinneadh í a ídiú.”

12. Cheiliúir Solamh an fhéile ar an tslí chéanna ar feadh ocht lá.

13. Cuireadh na nithe céanna ar phár sna hannála agus i gcuimhní cinn Nihimiá, agus gur bhunaigh sé leabharlann, agus go ndearna sé bailiúchán de na leabhair faoi na ríthe agus na fáithe, de scríbhinní Dháiví agus de litreacha na ríthe faoi ofrálacha móideacha.

14. Rinne Iúdás ar an gcuma chéanna bailiúchán de na leabhair a bhí scaipthe de bharr an chogaidh dhéanaigh a tháinig orainn, agus tá siad anois inár seilbh.

15. Má tá aon chuid díobh de dhíth oraibh, cuirigí daoine chugainn le cóipeanna díobh a fháil daoibh.

16. Táimid ag scríobh chugaibh dá bhrí sin agus sinn ar tí féile an íonghlanta a chomóradh; déanaigí, le bhur dtoil, na laethanta sin a chomóradh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 2