Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 2:19-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Scéal Iúdáis Mhacabaeigh agus a dheartháireacha, íonghlanadh an Teampaill mhóir, coisreacan na haltóra,

20. na cogaí in aghaidh Aintíochas Eipifeanaes agus a mhic Eopatór,

21. na taispeántais a tugadh ó neamh le misneach a thabhairt don mhuintir a bhí ag troid go cróga ar son an Ghiúdachais i dtreo, dá laghad é a líon, gur ghabh siad an tír ar fad agus gur chuir siad an teitheadh ar shluaite na ngintlithe,

22. gur ghnóthaigh siad ar ais an Teampall atá faoi chlú ar fud an domhain, gur shaor siad an chathair, gur athnuaigh siad na dlíthe a bhí ar tí a gcur ar ceal, agus an Tiarna go fabhrach dóibh le barr cneastachta -

23. déanfaimid iarracht ar an méid sin go léir a insint go hachomair in aon leabhar amháin cé go bhfuil sé inste i gcúig leabhar ag Iásón ó Chiréiné.

24. Toisc an raidhse figiúirí agus an deacracht a bhaineann leis don mhuintir ar mian leo dul i ngleic le cáipéisí staire de bharr iomadúlacht an ábhair,

25. bhí sé d'aidhm againn taitneamh a thabhairt don mhuintir nach bhfuil uathu ach ábhar léitheoireachta, áis a dhéanamh don dream ar mian leo nithe a chur de ghlanmheabhair, agus comaoin a chur ar ár lucht léite go léir.

26. Níorbh aon obair gan dua ach saothar allais agus beagshuain dúinne an coimriú seo a ghabhamar orainn féin,

27. faoi mar nach aon dóichín é do dhuine fleá a ullmhú agus freastal ar mhianta gach duine. D'fhonn buíochas mórán a thuilleamh, áfach, táimid sásta an saothar guaisiúil seo a ghabháil orainn féin;

28. fágaimid cruinneas na mionseoraí faoin staraí, agus déanfaimid ár ndícheall na himlínte a dhearadh san achoimre seo.

29. Bíonn ailtire tí nua freagrach san fhoirgneamh ina iomláine, ach an té a bhíonn i bhfeighil a phéinteála agus a mhaisithe, ní gá dó ach cúram a dhéanamh de cad a d'oirfeadh dá mhaisiú; is é an dála céanna againne é i mo thuairimse.

30. Is é gnó an staraí bhunaidh an t‑ábhar go léir a thógáil idir lámha, nithe a iniúchadh ó gach taobh, agus cúram a dhéanamh de na mionsonraí.

31. Ach an té a dhéanann athchóiriú ar an scéal ní miste dó féachaint le bheith achomair ina insint agus tráchtaireacht chaolchúiseach a sheachaint.

32. Cuirimis tús lenár n‑insint anois dá bhrí sin, gan breis a chur lena bhfuil ráite, mar is baoth an gnó é fad a chur le réamhrá na staire, agus an stair féin a ghiorrú.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 2