Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 15:2-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Na Giúdaigh ar cuireadh d'iallach orthu é a leanúint, dúirt siad: “Ná scrios iad chomh danartha ná chomh barbartha sin, ach bíodh meas agat ar an lá ar thug an té a fheiceann gach ní ómós dó agus a naomhaigh sé thar gach lá.”

3. Ansin d'fhiafraigh coirpeach na dtrí mallachtaí an raibh rí ar neamh a d'ordaigh lá na sabóide a choimeád.

4. Nuair a d'fhógair siad: “Is é an Tiarna beo féin, an Flaith ar neamh, a d'ordaigh dúinn an seachtú lá a choimeád,”

5. d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.

6. Le barr uabhair agus sotail, bhí sé beartaithe ag Niocánór carn poiblí bua a thógáil leis an gcreach a ghabhfaí ó Iúdás agus óna chuid fear.

7. Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna.

8. Thug sé misneach dá chuid fear gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe na ngintlithe, ach cuimhneamh ar an gcabhair a tháinig chucu ó neamh san am a bhí thart, agus a bheith ag súil an uair sin leis an mbua a thabharfadh an tUilechumhachtach dóibh.

9. Thug sé ardú meanman dóibh le cabhair an dlí agus na bhfáithe, chuir sé i gcuimhne dóibh na cathanna a bhuaigh siad, agus d'adhain díograis bhreise ina gcroí.

10. Nuair a bhí a misneach múscailte aige, thug sé a chuid orduithe, agus feall na ngintlithe agus a mídhílseacht dá mionna á gcur ar a súile dóibh.

11. Ní hí an tsábháilteacht a ghabhann le sciatha agus sleánna a thug sé mar arm do gach duine díobh, ach an misneach a ghineann briathra uaisle. Agus mhúscail sé meanma gach duine le brionglóid - nó faoi mar a bheadh fís - ar a raibh craiceann na fírinne, a aithris.

12. Ba é radharc a chonaic sé: Oinias, ardsagart a bhí, fear uasal cóir, fear mánla iompar agus cneasta meon; fear soilbhir dea-labhartha a raibh oiliúint air óna óige i ngach suáilce - bhí Oinias ansiúd ag guí ar son an chine Ghiúdaigh go léir agus a lámha ar leathadh aige.

13. Ansin thaibhsigh fear eile, ábhar suntais lena cheann liath agus a iompar uasal; bhí dínit agus údarás iontach ag roinnt leis.

14. Chrom Oinias ar labhairt: “Seo fear,” ar sé, “a bhfuil cion aige ar a bhráithre, agus a ghuíonn go fada ar son an phobail, agus na cathrach naofa, Irimia, fáidh Dé.”

15. Shín Irimia a lámh dheas agus thug claíomh óir do Iúdás, agus nuair a bhí sé á thabhairt dó labhair sé mar leanas leis:

16. “Tóg an claíomh naofa seo, bronntanas ó Dhia; déanfaidh tú do naimhde a threascairt leis.”

17. Ba uasal iad briathra Iúdáis agus ba mhaith an sás iad chun crógacht agus gaisce a mhúscailt i gcroí na n‑óg; le teann misnigh dá mbarr, bheartaigh siad gan feachtas a fhearadh ach ionsaí fearúil a dhéanamh, agus an scéal a réiteach le comhrac agus gleic go sárchróga mar go raibh cathair, sanctóir agus Teampall i mbaol.

18. Ba é an Teampall coisricthe an chéad ábhar imní, agus an t‑ábhar ba mhó imní, a bhí acu; ba lú mairg leo a mná agus a leanaí, a mbráithre agus a ngaolta.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 15