Ba uasal iad briathra Iúdáis agus ba mhaith an sás iad chun crógacht agus gaisce a mhúscailt i gcroí na n‑óg; le teann misnigh dá mbarr, bheartaigh siad gan feachtas a fhearadh ach ionsaí fearúil a dhéanamh, agus an scéal a réiteach le comhrac agus gleic go sárchróga mar go raibh cathair, sanctóir agus Teampall i mbaol.