Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 15:15-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Shín Irimia a lámh dheas agus thug claíomh óir do Iúdás, agus nuair a bhí sé á thabhairt dó labhair sé mar leanas leis:

16. “Tóg an claíomh naofa seo, bronntanas ó Dhia; déanfaidh tú do naimhde a threascairt leis.”

17. Ba uasal iad briathra Iúdáis agus ba mhaith an sás iad chun crógacht agus gaisce a mhúscailt i gcroí na n‑óg; le teann misnigh dá mbarr, bheartaigh siad gan feachtas a fhearadh ach ionsaí fearúil a dhéanamh, agus an scéal a réiteach le comhrac agus gleic go sárchróga mar go raibh cathair, sanctóir agus Teampall i mbaol.

18. Ba é an Teampall coisricthe an chéad ábhar imní, agus an t‑ábhar ba mhó imní, a bhí acu; ba lú mairg leo a mná agus a leanaí, a mbráithre agus a ngaolta.

19. An mhuintir a fágadh sa chathair, níor lú í an imní a bhí orthu mar go raibh siad buartha faoin gcath a bhí le cur faoin mínleach.

20. Bhí gach duine ar bís ag feitheamh le toradh an chatha. Bhí an namhaid cheana féin i gcóngar agus iad in eagar catha, na heilifintí cóirithe go háisiúil, agus an marcshlua in eagar ar na sciatháin.

21. Nuair a chonaic an Macabaech a raibh de shluaite ar a aghaidh amach, an soláthar mór taibhseach arm, agus fíochmhaire na [n‑eilifintí], shín sé a lámha chun neimhe agus ghlaoigh ar Thiarna na bhFeart; bhí a fhios aige nach le neart arm, ach mar is toil leis, a bhronnann sé bua catha ar an muintir a thuilleann é.

22. Mar seo a ghabh an urnaí a rinne sé chuige: “A Thiarna, sheol tú d'aingeal le linn Hiziciá, rí Iúdá, agus mharaigh seisean céad ochtó a cúig míle nó breis i gcampa Shanaichéiríb.

23. A rí na bhflaitheas, seol anois, arís eile, aingeal maith le scéin agus scanradh a scaipeadh romhainn.

24. Go dtreascraítear ar lár le neart do ghéige an mhuintir seo a tháinig chun do phobal naofa a ionsaí agus diamhasla ina mbéal acu.” Dhún a urnaí leis na focail sin.

25. Ghluais Niocánór agus a chuid fear ar aghaidh agus stoic á séideadh agus laoithe á gcanadh;

26. agus chuaigh Iúdás agus a chuid fear i ngleic leo ag urnaí agus ag guí chun Dé.

27. Ag troid lena lámha dóibh agus ag guí chun Dé lena gcroí, threascair siad breis agus tríocha a cúig mhíle duine, agus chuir Dia lúcháir mhór orthu leis an taispeántas sin.

28. Nuair a bhí an cath thart agus iad ag filleadh faoi áthas, d'aithin siad Niocánór ar lár marbh ina lánéide chatha.

29. Ansin bhí geoin agus glisiam agus mhol siad an Tiarna ina dteanga dhúchais.

30. An té a chaith é féin go hiomlán, idir anam agus chorp, ag cosaint a mhuintire féin, agus a choinnigh slán an cion a bhí aige óna óige ar a chine féin, d'ordaigh sé dóibh ceann Niocánór a theascadh de, mar aon lena láimh agus lena ghualainn, agus iad a bhreith go Iarúsailéim.

31. Nuair a shroich sé an áit sin, ghlaoigh sé le chéile ar a mhuintir, chuir na sagairt ina seasamh os comhair na haltóra, agus chuir fios ar lucht an Dúnfoirt.

32. Thaispeáin sé ceann Niocánór na táire dóibh, agus lámh an diasmhaslaitheora úd a síneadh go huallach in aghaidh theach naofa an Uilechumhachtaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 15