Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 8:14-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.

15. Níor chlaonadar in aon slí óna raibh ordaithe ag an rí do na sagairt agus do na Léivítigh, fiú, maidir le gnó na gcistí.

16. Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna.

17. Chuaigh Solamh ansin go hEizión Geibir agus go hÉalát ar bhruach na farraige i dtír Eadóm.

18. Chuir Húrám longa faoi stiúir a chuid fear féin chuige, agus mairnéalaigh eolgaiseacha. Chuadarsan le muintir Sholaimh go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad go leith tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 8