Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.