Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 35:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.

2. Cheap sé na sagairt arís i mbun a gcúraimí agus thug misneach dóibh le dualgais Theampall an Tiarna a chomhlíonadh.

3. Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n‑eagna ar fáil d'Iosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: “Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael.

4. Déanaigí sibh féin a chóiriú de réir bhur n‑ord in bhur bhfiní de réir threoracha scríofa Dháiví rí Iosrael agus a mhic Solamh.

5. Agus seasaigí san áit naofa de réir eagar bhur bhfiní sinseartha, faoi réir bhur mbráithre, na tuataí; bíodh cuid i bhfine ag na Léivítigh.

6. Maraigí an t‑uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.”

7. Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin.

8. Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil.

9. Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 35