Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Cháisc

1. Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.

2. Cheap sé na sagairt arís i mbun a gcúraimí agus thug misneach dóibh le dualgais Theampall an Tiarna a chomhlíonadh.

3. Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n‑eagna ar fáil d'Iosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: “Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael.

4. Déanaigí sibh féin a chóiriú de réir bhur n‑ord in bhur bhfiní de réir threoracha scríofa Dháiví rí Iosrael agus a mhic Solamh.

5. Agus seasaigí san áit naofa de réir eagar bhur bhfiní sinseartha, faoi réir bhur mbráithre, na tuataí; bíodh cuid i bhfine ag na Léivítigh.

6. Maraigí an t‑uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.”

7. Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin.

8. Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil.

9. Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh.

10. Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n‑áit féin agus na Léivítigh ina n‑oird de réir mar a d'ordaigh an rí.

11. Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh.

12. Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d'fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n‑ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh.

13. Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus d'iompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir.

14. Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.

15. Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n‑áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d'Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.

16. Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá.

17. Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá.

18. Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d'Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim.

19. Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá.

Críoch Bhrónach a Ré

20. Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air,

21. chuir seisean teachtairí chuige á rá: “Cén t‑aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d'ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.”

22. Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bheal Dé féin.

23. Chuir sé cath air i Má Mhigideo. D'aimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: “Beirigí libh mé! Táim tromghonta.”

24. Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá.

25. Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.

26. An chuid eile de stair Ióisíá, a dhea-oibreacha de réir gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna,

27. a imeachtaí ó thús deireadh, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá.