Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 32:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Cheap sé ceannasaithe i bhfeighil an phobail, agus bhailigh sé le chéile iad sa chearnóg ag geata na cathrach agus labhair leo mar leanas á misniú:

7. “Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan.

8. Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.

9. Ina dhiaidh seo nuair a bhí Sanaichéiríb rí na hAsaíre ag cur léigir ar Láicís lena shluaite go léir, chuir sé a shearbhóntaí go Iarúsailéim, go Hiziciá rí Iúdá agus go dtí na Iúdaigh go léir a bhí in Iarúsailéim, le teachtaireacht:

10. “Mar seo a deir Sanaichéiríb rí na hAsaíre: ‘Cad as a bhfuil sé de mhuinín agaibh fanacht in Iarúsailéim agus é faoi léigear?

11. Nach bhfuil Hiziciá do bhur gcur amú? Nach bhfuil sé do bhur ndaoradh chun báis de ghorta agus de thart nuair a deir sé: “Déanfaidh an Tiarna ár nDia sinn a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre”?

12. Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?

13. Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse?

14. Cén dia de na déithe sin go léir leis na ciníocha a chuir m'athair faoin mbang, a d'fhéad a phobal a shaoradh ó mo ghreim, á rá is go bhféadfadh bhur nDia sibhse a fhuascailt ó mo ghreim?

15. Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”

16. Bhí a shearbhóntaí ag leanúint orthu ag cáinseoireacht faoin Tiarna Dia agus faoina shearbhónta Hiziciá,

17. nuair a scríobh [Sanaichéiríb] litir ag aithisiú agus ag bréagnú Dia Iosrael: “Ní dhéanfaidh Dia Hiziciá a phobal a fhuascailt ó mo ghreim díreach faoi mar nár fhuascail déithe na gciníocha i dtíortha eile a bpobal ó mo ghreim.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 32