Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ionradh Shanaichéiríb

1. Tar éis na mbearta dílse seirbhíse seo, tharla ionradh Shanaichéiríb, rí na hAsaíre. Rinne sé ionradh ar Iúdá, shuigh a champa os comhair na gcathracha daingne agus d'ordaigh iad a ghabháil de ruathar.

2. Thuig Hiziciá go raibh Sanaichéiríb tagtha agus é meáite ar Iarúsailéim a ionsaí;

3. bheartaigh sé féin agus a thaoisigh agus a churaidh na foinsí uisce a bhí lasmuigh den chathair a stopadh; chabhraigh oifigigh an airm leis,

4. agus bhailigh a lán daoine le chéile agus stopadar na foinsí go léir, agus an sileán a bhí ag gabháil tríd an talamh á rá: “Cén fáth a bhfaigheadh ríthe na hAsaíre flúirse uisce nuair a thiocfaidh siad?”

5. Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha.

6. Cheap sé ceannasaithe i bhfeighil an phobail, agus bhailigh sé le chéile iad sa chearnóg ag geata na cathrach agus labhair leo mar leanas á misniú:

7. “Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan.

8. Níl leis siúd ach lámh feola, ach tá an Tiarna ár nDia linne, le cabhair a thabhairt dúinn agus lenár gcathanna a throid.” Thug focail Hiziciá rí Iúdá misneach don phobal.

9. Ina dhiaidh seo nuair a bhí Sanaichéiríb rí na hAsaíre ag cur léigir ar Láicís lena shluaite go léir, chuir sé a shearbhóntaí go Iarúsailéim, go Hiziciá rí Iúdá agus go dtí na Iúdaigh go léir a bhí in Iarúsailéim, le teachtaireacht:

10. “Mar seo a deir Sanaichéiríb rí na hAsaíre: ‘Cad as a bhfuil sé de mhuinín agaibh fanacht in Iarúsailéim agus é faoi léigear?

11. Nach bhfuil Hiziciá do bhur gcur amú? Nach bhfuil sé do bhur ndaoradh chun báis de ghorta agus de thart nuair a deir sé: “Déanfaidh an Tiarna ár nDia sinn a fhuascailt ó láimh rí na hAsaíre”?

12. Nach hé an Hiziciá seo an té a scuab a ardionaid chun siúil agus a thug mar ordú do Iúdá agus Iarúsailéim: “Ná déanaigí adhradh ach os comhair an aon altóra agus ná hofrálaigí túis ach uirthi amháin”?

13. Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse?

14. Cén dia de na déithe sin go léir leis na ciníocha a chuir m'athair faoin mbang, a d'fhéad a phobal a shaoradh ó mo ghreim, á rá is go bhféadfadh bhur nDia sibhse a fhuascailt ó mo ghreim?

15. Ná cuireadh Hiziciá amú sibh, ná cuireadh sé dallamullóg oraibh ar an tslí seo. Ná géilligí dó! Óir níor fhéad dia aon chine ná aon ríochta a phobal a fhuascailt ó mo ghreim ná ó ghreim mo shinsear. Nach lú go mór ná sin a fhéadfaidh bhur nDia sibh a fhuascailt ó mo ghreim!’ ”

16. Bhí a shearbhóntaí ag leanúint orthu ag cáinseoireacht faoin Tiarna Dia agus faoina shearbhónta Hiziciá,

17. nuair a scríobh [Sanaichéiríb] litir ag aithisiú agus ag bréagnú Dia Iosrael: “Ní dhéanfaidh Dia Hiziciá a phobal a fhuascailt ó mo ghreim díreach faoi mar nár fhuascail déithe na gciníocha i dtíortha eile a bpobal ó mo ghreim.”

18. Liúigh siad na nithe sin in ard a ngutha i dteanga Iúdá le pobal Iarúsailéim ar na ballaí d'fhonn iad a bhuaireamh agus eagla a chur orthu, agus go ngabhfaidís an chathair ar an tslí sin.

19. Labhraíodar faoi Dhia Iarúsailéim amhail is dá mba cheann de dhéithe phobail eile an domhain é, agus is saothar lámha daoine iadsan.

Toradh ar Ghuí Hiziciá

20. Sa chruachás sin dóibh, ghuigh an rí Hiziciá agus an fáidh Íseáia mac Ámóz agus ghlaoigh siad chun na bhflaitheas.

21. Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.

22. Rinne an Tiarna Hiziciá agus áitritheoirí Iarúsailéim a fhuascailt ó chumhacht Shanaichéiríb rí na hAsaíre agus ó chumhacht a naimhde go léir, ar an tslí sin, agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.

23. Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.

24. Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d'éist sé leis agus thug comhartha dó.

25. Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.

26. Rinne Hiziciá é féin a umhlú i dtaobh uabhar a chroí, agus rinne áitritheoirí Iarúsailéim mar an gcéanna, i dtreo nár tháinig fearg an Tiarna sa mhullach orthu le linn Hiziciá.

27. Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.

28. Bhí tithe stóir aige dá fhómhar arbhair, fíona agus ola; cróite dá eallach de gach cineál, agus banracha dá chaoirigh.

29. Sholáthraigh sé [asail] agus tréada agus táinte dó féin chomh maith. Thug Dia maoin dó go raidhsiúil.

30. Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.

31. Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.

32. An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.

33. Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.