20. Sa chruachás sin dóibh, ghuigh an rí Hiziciá agus an fáidh Íseáia mac Ámóz agus ghlaoigh siad chun na bhflaitheas.
21. Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.
22. Rinne an Tiarna Hiziciá agus áitritheoirí Iarúsailéim a fhuascailt ó chumhacht Shanaichéiríb rí na hAsaíre agus ó chumhacht a naimhde go léir, ar an tslí sin, agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.
23. Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.
24. Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d'éist sé leis agus thug comhartha dó.
25. Ach ní dhearna Hiziciá aon chúiteamh ar son a ndearnadh dó; d'at a chroí le huabhar agus tháinig fraoch na feirge sa mhullach air féin, ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim.
26. Rinne Hiziciá é féin a umhlú i dtaobh uabhar a chroí, agus rinne áitritheoirí Iarúsailéim mar an gcéanna, i dtreo nár tháinig fearg an Tiarna sa mhullach orthu le linn Hiziciá.
27. Bhí saibhreas agus clú go raidhsiúil ag Hiziciá. Thóg sé cistí dó féin i gcomhair a chuid airgid agus óir agus cloch lómhar, agus spíosraí, agus sciath, agus seod de gach sórt.
28. Bhí tithe stóir aige dá fhómhar arbhair, fíona agus ola; cróite dá eallach de gach cineál, agus banracha dá chaoirigh.
29. Sholáthraigh sé [asail] agus tréada agus táinte dó féin chomh maith. Thug Dia maoin dó go raidhsiúil.
30. Ba é an Hiziciá céanna seo a dhún béal uachtair thobar Ghíohón agus a threoraigh an t‑uisce síos laistiar de chathair Dháiví. Bhí rith an ráis le Hiziciá.
31. Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.
32. An chuid eile de stair Hiziciá, agus a dhea-bhearta, tá siad scríofa i bhfís an fháidh Íseáia mac Ámóz, i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael.
33. Ansin chuaigh Hiziciá chun suain lena shinsir agus chuireadar é ar an ard ar an tslí suas go tuamaí mhic Dháiví. Thug Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim onóir dó ina thórramh. Agus tháinig Manaise a mhac i gcomharbacht air.