Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 29:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a d'ordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh.

16. Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.

17. Thosaigh siad ar an naomhú seo ar an gcead lá den chéad mhí, agus ar an ochtú lá b'fhéidir dóibh dul isteach i bpóirse an Tiarna; chaith siad ocht lá ag naomhú Theampall an Tiarna, agus bhí deireadh déanta ar an séú lá déag den chéad mhí.

18. Chuaigh siad isteach ansin go Hiziciá an rí agus dúirt siad: “Tá Teampall an Tiarna ar fad glanta againn, altóir an uileloiscthe lena ghréithe go léir, bord builíní na fianaise lena ghréithe go léir.

19. Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.”

20. D'éirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna.

21. Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n‑uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna.

22. Mharaigh siad na tairbh agus thug na sagairt an fhuil leo agus dhoirt í ar an altóir. Ansin mharaigh siad na reithí agus doirteadh a bhfuil ar an altóir; ansin mharaigh siad na huain agus doirteadh a bhfuil ar an altóir.

23. Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu.

24. Mharaigh na sagairt iad agus rinne siad íobairt pheaca ar an altóir lena bhfuil mar leorghníomh ar son Iosrael go léir. Óir d'ordaigh an rí an íobairt uileloiscthe agus an íobairt pheaca a dhéanamh ar son Iosrael go léir.

25. Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 29