Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Leasú Hiziciá

1. Tháinig Hiziciá i gcoróin agus é cúig bliana fichead agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibíá iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.

3. Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, d'oscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad.

4. Thug sé isteach na sagairt agus na Léivítigh agus thionóil iad sa chearnóg thoir.

5. Dúirt sé leo: “Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe.

6. Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.

7. Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael.

8. Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.

9. Sin é an fáth, féach!, ar thit ár sinsir le faobhar claímh, agus ar fuadaíodh ár gclann mhac agus iníonacha chun deoraíochta.

10. Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.

11. A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”

12. Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách;

13. de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá;

14. de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil.

15. Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a d'ordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh.

16. Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.

17. Thosaigh siad ar an naomhú seo ar an gcead lá den chéad mhí, agus ar an ochtú lá b'fhéidir dóibh dul isteach i bpóirse an Tiarna; chaith siad ocht lá ag naomhú Theampall an Tiarna, agus bhí deireadh déanta ar an séú lá déag den chéad mhí.

Íobairt Leorghnímh

18. Chuaigh siad isteach ansin go Hiziciá an rí agus dúirt siad: “Tá Teampall an Tiarna ar fad glanta againn, altóir an uileloiscthe lena ghréithe go léir, bord builíní na fianaise lena ghréithe go léir.

19. Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.”

20. D'éirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna.

21. Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n‑uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna.

22. Mharaigh siad na tairbh agus thug na sagairt an fhuil leo agus dhoirt í ar an altóir. Ansin mharaigh siad na reithí agus doirteadh a bhfuil ar an altóir; ansin mharaigh siad na huain agus doirteadh a bhfuil ar an altóir.

23. Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu.

24. Mharaigh na sagairt iad agus rinne siad íobairt pheaca ar an altóir lena bhfuil mar leorghníomh ar son Iosrael go léir. Óir d'ordaigh an rí an íobairt uileloiscthe agus an íobairt pheaca a dhéanamh ar son Iosrael go léir.

25. Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.

26. Nuair a bhí na Léivítigh ina n‑ionad, le huirlisí Dháiví agus na sagairt lena stoic,

27. d'ordaigh Hiziciá an íobairt uileloiscthe a ofráil ar an altóir. Nuair a thosaigh an íobairt uileloiscthe, cuireadh ceann ar iomann don Tiarna freisin; séideadh na stoic, agus uirlisí Dháiví rí Iosrael ag comhcheol leo.

28. Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart.

29. Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós.

30. D'ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.

31. Labhair Hiziciá arís agus dúirt: “Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.” Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite.

32. Ba é líon na n‑íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir.

33. Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan.

34. Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.

35. Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n‑íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin.

36. Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin.