Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 23:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Thug Iahóideá na gathanna agus na sciatha le Dáiví rí, idir bheag agus mhór, a bhí i dTeampall an Tiarna, do na ceannairí céad mar airm.

10. Chóirigh sé an pobal go léir mar gharda ar an rí, agus a arm i láimh gach duine acu, ó choirneál theas an Teampaill go dtí an coirneál thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.

11. Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d'fhógair siad ina rí é. D'ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: “Fad saoil don rí!”

12. Nuair a chuala Atailiá geoin an phobail ag rith chun an rí agus á mhóradh, tharraing sí ar Theampall an Tiarna áit a raibh na daoine.

13. Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

14. Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: “Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!” Óir bhí sé ráite ag an sagart: “Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.”

15. Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, i mbéal Gheata na gCapall, cuireadh chun báis ansiúd í.

16. Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna.

17. Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí.

18. Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n‑ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví.

19. Chuir sé lucht faire ag geataí Theampall an Tiarna i dtreo nach rachadh aon duine a bhí neamhghlan ar aon tslí isteach.

20. Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga.

21. Bhí lúcháir ar mhuintir na tuaithe, ach d'fhan an chathair ciúin. Bhí Atailiá curtha chun báis le faobhar claímh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 23