Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa seachtú bliain tháinig misneach do Iahóideá agus chuir sé fios ar na ceannairí céad, Azairiá mac Iarochám, Ismeáéil mac Iahóchánán, Azairiá mac Obaed, Másaeiá mac Adáiá agus Eilíseáfát mac Zicrí agus rinne conradh leo.

2. Ghabh siad amach ar fud Iúdá ag cruinniú na Léivíteach le chéile ó chathracha uile Iúdá agus ag cruinniú cinn finí Iosrael; thángadar go Iarúsailéim.

3. Rinne an comhthionól go léir conradh leis an rí i dTeampall an Tiarna. “Seo agaibh mac an rí,” arsa Iahóideá, “bíodh sé ina rí faoi mar a gheall an Tiarna faoi shliocht Dháiví!

4. Seo mar atá le déanamh agaibh: tagadh trian díbh, sagairt Léivítigh agus gardaí an gheata, isteach don tsabóid;

5. bíodh trian díbh ag an bpálás ríoga, trian ag Geata na Dúshraithe, agus an pobal go léir i gcúirt Theampall an Tiarna.

6. Ná téadh aon duine isteach i dTeampall an Tiarna ach na sagairt agus na Léivítigh ar dualgas, mar tá siad coisricthe agus tá cead dul isteach acu. Ní mór don phobal aitheanta uile an Tiarna a choimeád.

7. Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.”

8. Rinne na Léivítigh agus Iúdá go léir gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad gach duine acu, a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor dá ndualgas ar an tsabóid agus iad siúd a bhí le dul ar dualgas ar an tsabóid; óir níor scaoil Iahóideá le haon cheann de na hoird.

9. Thug Iahóideá na gathanna agus na sciatha le Dáiví rí, idir bheag agus mhór, a bhí i dTeampall an Tiarna, do na ceannairí céad mar airm.

10. Chóirigh sé an pobal go léir mar gharda ar an rí, agus a arm i láimh gach duine acu, ó choirneál theas an Teampaill go dtí an coirneál thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.

11. Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d'fhógair siad ina rí é. D'ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: “Fad saoil don rí!”

12. Nuair a chuala Atailiá geoin an phobail ag rith chun an rí agus á mhóradh, tharraing sí ar Theampall an Tiarna áit a raibh na daoine.

13. Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

14. Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: “Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!” Óir bhí sé ráite ag an sagart: “Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.”

15. Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, i mbéal Gheata na gCapall, cuireadh chun báis ansiúd í.

Leasuithe Iahóideá

16. Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna.

17. Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí.

18. Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n‑ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví.

19. Chuir sé lucht faire ag geataí Theampall an Tiarna i dtreo nach rachadh aon duine a bhí neamhghlan ar aon tslí isteach.

20. Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga.

21. Bhí lúcháir ar mhuintir na tuaithe, ach d'fhan an chathair ciúin. Bhí Atailiá curtha chun báis le faobhar claímh.