Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 15:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna.

9. Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta.

10. Thángadar le chéile in Iarúsailéim sa tríú mí den chúigiú bliain déag de réimeas Ásá.

11. D'ofráladar mar íobairt don Tiarna an lá sin as an gcreach a ghabhadar: seacht gcéad damh agus seacht míle caora.

12. Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n‑anam go hiomlán,

13. agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean.

14. Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc.

15. Chuir an mionn a thugadar le lánchroí lúcháir ar Iúdá go léir. Rinne siad an Tiarna a thóraíocht le dúthracht chroí agus fuair siad é agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.

16. Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.

17. Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir.

18. Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.

19. Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 15