Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Mionn Dílseachta

1. Tháinig spiorad Dé ar Azairiá mac Ódaed

2. agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.

3. Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí.

4. Ach d'iompaigh siad chun an Tiarna Dia Iosrael as a n‑anachain; lorg siad é agus fuair siad é.

5. San am sin, ní raibh síocháin ag aosánach ar bith, mar bhí trioblóidí ina mílte sa mhullach ar áitritheoirí na gcríoch.

6. Smiotadh iad; rinne náisiún náisiún a threascairt, agus cathair cathair eile, mar rinne Dia iad a chiapadh le gach sort anó.

7. Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.”

8. Nuair a chuala Ásá na focail sin agus an fháistine sin (le hÓdaed an fáidh), tháinig misneach chuige agus dhíbir sé na híola gráiniúla ó thír Iúdá agus Bhiniáimin, agus ó na cathracha a ghabh sé in ardáin Eafráim, agus dheisigh sé altóir an Tiarna a sheas os comhair phóirse an Tiarna.

9. Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta.

10. Thángadar le chéile in Iarúsailéim sa tríú mí den chúigiú bliain déag de réimeas Ásá.

11. D'ofráladar mar íobairt don Tiarna an lá sin as an gcreach a ghabhadar: seacht gcéad damh agus seacht míle caora.

12. Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n‑anam go hiomlán,

13. agus cibé duine nach lorgfadh an Tiarna Dia Iosrael, go gcuirfí chun báis é, cibé acu óg nó aosta é, fear nó bean.

14. Thug siad mionn os ard don Tiarna le gártha agus le séideadh stoc agus adharc.

15. Chuir an mionn a thugadar le lánchroí lúcháir ar Iúdá go léir. Rinne siad an Tiarna a thóraíocht le dúthracht chroí agus fuair siad é agus thug sé síocháin dóibh ar gach taobh.

16. Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.

17. Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir.

18. Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.

19. Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh.