Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 9:15-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá:

16. “Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”

17. Nuair a chonaic Samúéil Sól, dúirt an Tiarna leis: “Sin é an fear a dúirt mé leat! Sin é an té a bheidh ag rialú mo phobail.”

18. Dhruid Sól le Samúéil sa gheata agus dúirt: “Inis dom, más é do thoil é, cá bhfuil teach fhear na bhfíseanna?”

19. D'fhreagair Samúéil Sól: “Mise fear na bhfíseanna. Gabh suas romham don ardionad. Íosfaidh sibh bia liomsa inniu. Scaoilfidh mé uaim thú ar maidin amárach agus inseoidh mé duit a bhfuil ar d'intinn agat.

20. Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”

21. D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”

22. Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann.

23. Dúirt Samúéil leis an gcócaire: “Tabhair leat amach an chuid a thug mé duit, a ndúirt mé leat faoi: ‘Cuir i leataobh é!’ ”

24. Thug an cócaire an chos agus an t‑eireaball méith leis dá bhrí sin, agus leag os comhair Shóil á rá: “Féach, tá an chuid a coimeádadh á chur romhat. Ith é sin mar coimeádadh duit é go dtí an t‑am a cinneadh le go n‑íosfá é in éineacht leis an dream a fuair cuireadh!” D'ith Sól bia dá bhrí sin an lá sin in éineacht le Samúéil.

25. Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]

26. Le breacadh an lae ghlaoigh Samúéil ar Shól ar dhíon an tí: “Bí i do shuí,” ar sé, “go seolfaidh mé ar do bhealach thú.” D'éirigh Sól agus chuadar beirt, é féin agus Samúéil, amach ar an tsráid.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 9