Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 9:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí duine de mhuintir Bhiniáimin darbh ainm Cís, mac Aibíéil, mac Zarór, mac Bhacórat, mac Aifía; Biniáimineach ba ea é agus fear an-saibhir.

2. Bhí mac aige darbh ainm Sól, fear óg dathúil a bhí i mbláth a mhaitheasa. Ní raibh fear níba dhathúla ná é i measc na nIosraelach go léir; bhí airde an chinn aige ar an gcuid eile den phobal.

3. Chuaigh asail Chís, athair Shóil, ar strae, agus dúirt Cís lena mhac Sól: “A mhic, tabhair leat duine de na seirbhísigh, agus cuir chun bóthair; imigh leat a chuardach na n‑asal.”

4. Gabh siad trí ardáin Eafráim, agus trí chríoch Sháilíseá, ach ní bhfuair siad na hasail. Ghabh siad trí chríoch Sheáilím, ach ní raibh siad ann. Ghabh siad trí chríoch Bhiniáimin, ach ní bhfuair siad iad.

5. Nuair a tháinig siad go dúiche Zúf, dúirt Sól leis an seirbhíseach a bhí in éineacht leis: “Téanam, téimis ar ais nó cuirfidh m'athair de a imní faoi na hasail agus cromfaidh sé ar bheith imníoch fúinne.”

6. D'fhreagair seisean: “Féach, tá giolla Dé sa chathair seo, agus is duine é atá faoi dhea-cháil; tagann gach a ndeir sí i gcrích. Téimis ansiúd, más ea, agus b'fhéidir go mbeidh ar a chumas sinn a threorú san aistear atá romhainn.”

7. Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”

8. D'fhreagair an seirbhíseach Sól arís: “Féach,” ar sé, “tá ceathrú seicil airgid anseo agam. Tabharfaidh mé don ghiolla Dé é agus tabharfaidh sé eolas na slí dúinn.”

9. (Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)

10. Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 9