Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 6:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.

12. Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.

13. Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d'ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu.

14. Tháinig an carr isteach i ngort Iósua ó Bhéit Seimis, agus stad sé ansin. Bhí gallán ansiúd agus bhris na daoine adhmad an chairr agus d'ofráil siad na ba mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

15. Thóg na Léivítigh áirc an Tiarna anuas, agus an cófra, leis na dealbha óir ann, a bhí ina haice, agus leag siad an meid sin go léir ar an ngallán. D'ofráil muintir Bhéit Seimis ofrálacha uileloiscthe, agus d'íobair íobairtí, an lá sin don Tiarna.

16. Nuair a chonaic cúigear flatha na bhFilistíneach é sin, d'fhill siad ar Eacrón an lá céanna.

17. Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;

18. mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis.

19. Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.

20. Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 6