Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 31:9-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.

10. Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán.

11. Ach nuair a chuala laochra Iáibéis Gileád cad a bhí déanta ag na Filistínigh le Sól,

12. chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.

13. Ansin thóg siad a gcnámha agus rinne iad a adhlacadh faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 31