Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 24:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais.

5. Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: “Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: ‘Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.’ ” D'éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó.

6. Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil

7. agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.”

8. Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D'éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d'imigh sé leis.

9. Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.

10. Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?

11. Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’

12. Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.

13. Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 24