Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: “Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: ‘Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.’ ” D'éirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó.