Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 2:26-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.

27. Tháinig giolla Dé go hÉilí agus dúirt leis: “Deir an Tiarna: ‘Nár nocht mé mé féin do theaghlach d'athar agus iad i ndaoirse ag muintir Fhorainn san Éigipt?

28. Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.

29. Cad ab áil libh más ea súil na sainte a chaitheamh ar na híobairtí agus ar na hofrálacha a d'ordaigh mé? Agus onóir a thabhairt do bhur gclann thar mar a thugann sibh dom féin, á gcothú ar thogha spólaí na n‑ofrálacha go léir ó mo phobal Iosrael?

30. Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.

31. Féach, tá na laethanta ag teacht nuair a smiotfaidh mé do neart agus neart theaghlach d'athar i dtreo nach bhfágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach.

32. Caithfidh tú súil éadmhar namhad ar an maith go léir a dhéanfar d'Iosrael, ach ní fhágfar oiread agus aon seanduine amháin i do theaghlach go brách.

33. An duine agaibh nach scriosfaidh mé ó m'altóir, fanfaidh sé lena shúile a dhalladh agus lena mhisneach a chreimeadh; ach scriosfar an bhreis ar do theaghlach le claíomh [na bhfear].

34. Bíodh an íde a imeoidh ar do bheirt mac, Hofnaí agus Píneachás, mar chomhartha agat; gheobhaidh siad araon bás an lá céanna.

35. Ardóidh mé suas sagart dílis dom féin; déanfaidh sé de réir mo chroí agus m'intinne. Tógfaidh mé teach daingean dó agus siúlfaidh sé i láthair m'ungthaigh go brách.

36. Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá:Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 2