Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 16:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

10. Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

11. D'fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.”

12. Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

13. Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.

14. Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é.

15. Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.

16. Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”

17. Dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!”

18. D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”

19. Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: “Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 16