Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 16:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”

4. Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”

5. Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.

6. Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”

7. Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

8. Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

9. Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

10. Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 16