13. D'fhreagair Samúéil Sól: “Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t‑ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách.
14. Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”
15. D'éirigh Samúéil agus d'imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin.Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.
16. D'fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis.
17. Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol;
18. díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh.