Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 10:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n‑iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.

4. Beannóidh siad duit agus tabharfaidh siad dhá builín aráin duit nach foláir duit a ghlacadh uathu.

5. Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.

6. Ansin luífidh spiorad an Tiarna ort féin agus rachaidh tusa freisin ar buile fáidh leo, agus déanfaidh fear eile díot.

7. Nuair a chuirfear na comharthaí sin i gcrích duit, beir ar an bhfaill mar tá Dia leat.

8. Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”

9. A luaithe a thug Sól cúl le Samúéil le himeacht uaidh chuir an Tiarna croí eile ina chliabh agus cuireadh na comharthaí sin go léir i gcrích an lá sin.

10. Nuair a thángadar go Gibeá, casadh buíon fáithe leis; luigh spiorad Dé go tréan air agus tháinig buile na bhfáithe air ina measc.

11. An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: “Cad a d'éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

12. Agus dúirt duine ón áit: “Agus cér díobh iad?” Uaidh sin a tháinig an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”

13. Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach],

14. agus d'fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D'fhreagair sé: “Ag lorg na n‑asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.”

15. Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 10