Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 7:8-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.

9. Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).

10. Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich.

11. Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair.

12. Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill.

13. Chuir Solamh rí fios ar Híorám agus thug leis ón Tuír é.

14. Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó:

15. Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún.

16. Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh.

17. Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile.

18. Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin,

19. ceithre chéad díobh ar fad,

20. greamaithe den mhúnláil chrochta ar chúl an fhíolagráin; bhí dhá chéad pomagránait timpeall ar mhullach, agus an líon céanna timpeall ar an mullach eile.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 7