Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 4:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus

2. b'iad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart;

3. Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí.

4. (Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt);

5. Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;

6. Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.

7. Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, d'Iosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain.

8. Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim;

9. ...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán.

10. ...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 4