Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 22:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”

15. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

16. Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”

17. Ansin labhair Míocáia:“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte,mar chaoirigh gan aoire.Agus dúirt an Tiarna: ‘Níl máistir orthu seo;téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

18. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?”

19. Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.

20. Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.

21. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.

22. ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

23. Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 22