Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 13:6-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

7. Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

8. Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,

9. mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”

10. Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.

11. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.

12. “Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.

13. “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.

14. Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. “An tusa,” ar sé, “an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?” “Is mé,” a d'fhreagair sé.

15. “Tar abhaile liom,” ar sé, “agus caith bia.”

16. “Ní féidir liom filleadh ar ais leat,” ar sé, “(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,

17. mar fuair mé ordú ón Tiarna: ‘Ná hith greim aráin agus ná hól deoch uisce ansiúd agus ná fill an bothar ar ar tháinig tú.’ ”

18. D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 13