Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 13:19-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.

20. Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,

21. agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘Dé bhrí go raibh tú easumhal d'ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit,

22. ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.’ ”

23. Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d'imigh leis].

24. Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d'fhan an t‑asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d'fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.

25. Chonaic daoine a bhí ag gabháil thar bráid an corp sínte ar an mbóthar agus an leon chomh maith ina sheasamh ag taobh an choirp, agus d'imíodar agus d'insíodar ina thaobh sa chathair ina raibh cónaí ar an seanfháidh.

26. Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d'iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: “Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d'ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.”

27. Agus dúirt sé lena chlann mhac: “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” agus chuireadar.

28. D'imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t‑asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t‑asal stollta ag an leon.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 13