Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 12:27-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).”

28. Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”

29. Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán,

30. agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile.

31. Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad.

32. Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

33. Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 12