Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 12:18-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.

19. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.

20. Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.

21. Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá go léir, agus ar threibh Bhiniáimin, céad agus ochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí an ríocht ar ais do Rachabám mac Sholaimh.

22. Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá an giolla Dé, agus dúirt:

23. “Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, le teaghlach Iúdá go léir agus le Biniáimin, agus leis an gcuid eile den phobal:

24. Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí suas agus ná troidigí in aghaidh bhur mbráithre, pobal Iosrael. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” (Agus d'éisteadar go léir le briathar an Tiarna, agus d'imíodar leo abhaile arís de réir bhriathar an Tiarna.)

25. Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d'fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil.

26. Agus dúirt Iarobám ina chroí istigh: “Dá réir seo, fillfidh an ríocht seo chun teaghlach Dháiví.

27. Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).”

28. Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”

29. Chuir sé ceann díobh ina sheasamh i mBéitéil (agus an ceann eile i nDán,

30. agus ba pheaca sin) agus chuaigh mórshiúl den phobal an bealach ar fad go Dán ar bhéala an chinn eile.

31. Bhunaigh sé teampall na n‑ardionad agus cheap sé daoine ó ghnáththeaghlaigh mar shagairt, daoine nár de shliocht Léiví iad.

32. Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

33. Ar an gcúigiú lá déag den ochtú mí, an mhí a thogh sé d'aon ghnó, chuaigh sé suas chun na haltóra a bhí déanta aige i mBéitéil. Bhunaigh sé féile do chlann Iosrael agus chuaigh suas chun na haltóra chun túis a íobairt.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 12