Chuir na fórsaí cath ar a chéile, dá bhrí sin, ar an tríú lá déag de mhí Adár. Briseadh ar arm Niocánór agus ba é féin ba thúisce a thit sa chath.