Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 7:42-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

42. Déan an t‑arm seo a scriosadh os ár gcomhair inniu; bíodh a fhios ag an gcuid eile gur chaith sé siúd masla le do shanctóir agus tabhair breith air de réir na coirpeachta seo.”

43. Chuir na fórsaí cath ar a chéile, dá bhrí sin, ar an tríú lá déag de mhí Adár. Briseadh ar arm Niocánór agus ba é féin ba thúisce a thit sa chath.

44. Nuair a chonaic a shluaite Niocánór ar lár, chaith siad uathu a gcuid airm agus theith siad.

45. Chuir [na Giúdaigh] aistear lae de thóir orthu, ó Adasa go Gazara, agus fad bhíodar sa tóir orthu, lean siad orthu ag cur a ngáir chatha suas le séideadh na stoc.

46. Tháinig [fir] amach as bailte Iúdáia go léir máguaird, agus sháraigh siad [an namhaid] agus thiomáin siad siar ar an tóir iad i dtreo gur thiteadar go léir le faobhar claímh agus nár fágadh fear inste scéil.

47. Ansin ghabh [na Giúdaigh] an chreach agus an éadáil; theasc siad an ceann de Niocánór, agus an deaslámh a shín sé amach go dásachtach; thóg siad iadsan leo agus chuir siad ar taispeáint iad lámh le Iarúsailéim.

48. Bhí áthas an domhain ar an bpobal agus cheiliúradar an lá sin mar lá mór lúcháire.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 7