Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 7:37-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. “Rinne tú an teach seo a thoghadh le d'ainm a thabhairt air le bheith mar theach urnaí agus impí ag do phobal.

38. Imir díoltas ar an bhfear seo agus ar a arm, agus titidís le faobhar claímh; cuimhnigh ar a ndiamhaslaí agus ná tabhair suaimhneas dóibh.”

39. Ghabh Niocánór amach ó Iarúsailéim agus shuigh sé a longfort i mBéit Horón agus d'aontaigh arm na Síre leis ansiúd.

40. Shuigh Iúdás a longfort in Adasa le trí mhíle fear. Ansin chuir Iúdás guí suas agus dúirt:

41. “Nuair a rinne teachtairí rí [na hAsaíre] diamhasla, threascair d'aingeal cúig mhíle agus ceithre fichid díobh.

42. Déan an t‑arm seo a scriosadh os ár gcomhair inniu; bíodh a fhios ag an gcuid eile gur chaith sé siúd masla le do shanctóir agus tabhair breith air de réir na coirpeachta seo.”

43. Chuir na fórsaí cath ar a chéile, dá bhrí sin, ar an tríú lá déag de mhí Adár. Briseadh ar arm Niocánór agus ba é féin ba thúisce a thit sa chath.

44. Nuair a chonaic a shluaite Niocánór ar lár, chaith siad uathu a gcuid airm agus theith siad.

45. Chuir [na Giúdaigh] aistear lae de thóir orthu, ó Adasa go Gazara, agus fad bhíodar sa tóir orthu, lean siad orthu ag cur a ngáir chatha suas le séideadh na stoc.

46. Tháinig [fir] amach as bailte Iúdáia go léir máguaird, agus sháraigh siad [an namhaid] agus thiomáin siad siar ar an tóir iad i dtreo gur thiteadar go léir le faobhar claímh agus nár fágadh fear inste scéil.

47. Ansin ghabh [na Giúdaigh] an chreach agus an éadáil; theasc siad an ceann de Niocánór, agus an deaslámh a shín sé amach go dásachtach; thóg siad iadsan leo agus chuir siad ar taispeáint iad lámh le Iarúsailéim.

48. Bhí áthas an domhain ar an bpobal agus cheiliúradar an lá sin mar lá mór lúcháire.

49. Chinneadar go ndéanfaí an lá sin a chomóradh ar an tríú lá déag de Adár gach bliain,

50. agus bhí tír Iúdá faoi shíocháin ar feadh tamaill bhig.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 7