Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 6:32-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. D'imigh Iúdás ón ionsaí ar an Dúnfort agus shuigh sé a longfort ag Béit Zacairiá ar aghaidh longfort an rí.

33. D'éirigh an rí go moch ar maidin agus thug sé a fhórsaí leis ar bharr luais ar feadh an bhóthair go Béit Zacairiá; chuir siad cóiriú catha orthu féin agus shéid a stoic.

34. Thaispeáin siad súlach fíniúna agus maoildeirge do na heilifintí á n‑ullmhú chun troda.

35. Roinn siad na hainmhithe ar na falaing, agus chóirigh siad míle fear faoi lúireacha maille le cafairr chré-umha ar a gceann le gach eilifint; roghnaíodh cúig céad marcach freisin le gabháil le gach ainmhí.

36. Bhaineadh a marcshlua an tosach i gcónaí den eilifint cibé áit ina mbíodh sí; cibé áit ina dtéadh sí, théidís in éineacht léi, gan scarúint léi.

37. In airde ar gach eilifint bhí túr daingean cumhdaithe adhmaid, i bhfearas ar gach ainmhí le teanntaí ar leith; agus ar gach ceann acu bhí ceathrar armtha le troid ón suíomh sin, agus giolla Indiach chomh maith.

38. Bhí fuílleach an mharcshlua cóirithe ar dhá eite an airm chun an namhaid a chiapadh faoi dhídean na bhfalang.

39. Nuair a thaitin an ghrian ar na sciatha óir agus cré-umha, bhí na cnoic faoi bharr lasrach acu agus iad ag spréacharnach mar lóchrainn ar lasadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 6