In airde ar gach eilifint bhí túr daingean cumhdaithe adhmaid, i bhfearas ar gach ainmhí le teanntaí ar leith; agus ar gach ceann acu bhí ceathrar armtha le troid ón suíomh sin, agus giolla Indiach chomh maith.