Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 15:13-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Shuigh Aintíochas a longfort os comhair Dhóra agus céad agus a fiche míle curadh aige, agus ocht míle marcach.

14. Chuir sé léigear ar an gcathair agus dhruid na longa i gcóngar chun catha a chur ón muir; bhí an chathair faoi ionsaí dian ó mhuir agus ó thír aige, agus gan cead ag aon duine dul inti ná teacht aisti.

15. Idir an dá linn tháinig Núiméinias agus a chompánaigh ón Róimh le litreacha go dtí ríthe agus tíortha; mar leanas a ghabh na litreacha:

16. Lúicias, consal na Róimhe, do Ptoilimí rí, beatha agus sláinte!

17. Tháinig toscairí na nGiúdach chugainn mar chairde agus mar chomhghuaillithe d'fhonn ár gcairdeas agus ár gconradh bunaidh a athnuachan: Síomón an t‑ardsagart agus an pobal Giúdach a chuir chugainn iad

18. agus thug siad leo sciath óir a mheánn míle míoná.

19. Bheartaíomar dá bhrí sin scríobh go dtí na ríthe agus na tíortha go léir a rá leo gan a bheith ag iarraidh díobhála a dhéanamh dóibh, ná cogadh a chur orthu féin ná ar a gcathracha ná ar a dtíortha, ná conradh a dhéanamh leo siúd atá ag cogaíocht leo.

20. Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.

21. Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.

22. Scríobh [an consal] an teachtaireacht chéanna go Déimitrias rí, go hAtlas agus Airiartaes agus Arsacaes,

23. agus go dtí na tíortha go léir, go Sampsamaes, go dtí na Spartaigh, go dtí Daolos, go Mundos, go Siceon, go Cairia, go Samos, go Paimfilia, go Luicia, go Hailicearnasas, go Ródos, go Faiséilis, go Cos, go Sidéas, go hArados, go Gartuna, go Cniodos, go dtí an Chipir, agus go Ciréiné.

24. Chuireadar cóip den mhéid sin go Síomón an t‑ardsagart chomh maith.

25. Idir an dá linn ar imeall na cathrach, chuir an rí Déimitrias léigear ar Dhóra, agus bhí sé gan stad ag cur a fhórsaí á ionsaí agus ag déanamh inneall cogaidh. Bhí Trufón teanntaithe aige, gan dul as ná ann aige.

26. Chuir Síomón dhá mhíle fear tofa go hAintíochas mar chabhair sa troid, agus airgead agus ór agus soláthairtí cogaidh.

27. Ach dhiúltaigh sé glacadh leo agus shéan sé na conarthaí go léir a bhí déanta aige le [Síomón] roimhe sin, agus d'athraigh sé a mheon ina leith ar fad.

28. Chuir sé Ataenóibias, duine dá chairde, le hagallamh a dhéanamh leis, agus a rá: “Tá seilbh agat anois ar Iopa agus ar Gazara, agus ar an Dúnfort in Iarúsailéim; is cathracha de mo ríochtsa iadsan.

29. Scrios tú a gcríocha, rinne tú a lán díobhála sa tír, agus thóg tú seilbh ar a lán áiteanna i mo ríocht.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 15