Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 15:10-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Sa bhliain céad seachtó a ceathair, chuir Aintíochas chun bealaigh agus rinne ionradh ar thír a shinsear. Tháinig na fórsaí go léir ar a thaobh i dtreo nach raibh ach an beagán fágtha ag Trufón.

11. Chuaigh Aintíochas sa tóir airsean agus tháinig sé go Dóra ar bhruach na farraige ag lorg dídine,

12. mar bhí a fhios aige go raibh trioblóidí sa mhullach air agus go raibh sé tréigthe ag a shaighdiúirí.

13. Shuigh Aintíochas a longfort os comhair Dhóra agus céad agus a fiche míle curadh aige, agus ocht míle marcach.

14. Chuir sé léigear ar an gcathair agus dhruid na longa i gcóngar chun catha a chur ón muir; bhí an chathair faoi ionsaí dian ó mhuir agus ó thír aige, agus gan cead ag aon duine dul inti ná teacht aisti.

15. Idir an dá linn tháinig Núiméinias agus a chompánaigh ón Róimh le litreacha go dtí ríthe agus tíortha; mar leanas a ghabh na litreacha:

16. Lúicias, consal na Róimhe, do Ptoilimí rí, beatha agus sláinte!

17. Tháinig toscairí na nGiúdach chugainn mar chairde agus mar chomhghuaillithe d'fhonn ár gcairdeas agus ár gconradh bunaidh a athnuachan: Síomón an t‑ardsagart agus an pobal Giúdach a chuir chugainn iad

18. agus thug siad leo sciath óir a mheánn míle míoná.

19. Bheartaíomar dá bhrí sin scríobh go dtí na ríthe agus na tíortha go léir a rá leo gan a bheith ag iarraidh díobhála a dhéanamh dóibh, ná cogadh a chur orthu féin ná ar a gcathracha ná ar a dtíortha, ná conradh a dhéanamh leo siúd atá ag cogaíocht leo.

20. Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.

21. Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.

22. Scríobh [an consal] an teachtaireacht chéanna go Déimitrias rí, go hAtlas agus Airiartaes agus Arsacaes,

23. agus go dtí na tíortha go léir, go Sampsamaes, go dtí na Spartaigh, go dtí Daolos, go Mundos, go Siceon, go Cairia, go Samos, go Paimfilia, go Luicia, go Hailicearnasas, go Ródos, go Faiséilis, go Cos, go Sidéas, go hArados, go Gartuna, go Cniodos, go dtí an Chipir, agus go Ciréiné.

24. Chuireadar cóip den mhéid sin go Síomón an t‑ardsagart chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 15