8. Ibniá mac Iarochám, Éalá mac Uizí, mac Mhicrí, Misiulám mac Shafaitiá, mac Reúél, mac Ibníá.
9. Bhí naoi gcéad caoga sé dá ngaolta ann, iad áirithe de réir a gcraobha ginealaigh. Ceann fine ab ea gach duine díobhsan ar a mhuintir féin.
10. De na sagairt: Iadaiá, Iahóiáraíb, Iáicín,
11. Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé;
12. Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir.
13. Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé.
14. Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí;
15. Bacbacar, Heiris, Gálál, Matainiá mac Mhíceá, mac Zicrí, mac Ásáf;
16. Obaidiá mac Sheamaiá, mac Ghálgal, mac Iadútún, agus Beiriciá mac Ásá, mac Ealcáná a chuir fúthu i mbailte na Natófátach.
17. Lucht faire an gheata: Sealúm, Acúb, Talmón, Aichímeán, agus a ngaolta. Tá Sealúm an ceannasaí
18. ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach.
19. Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d'fhairidís an tslí isteach ann.