Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 9:26-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.

27. Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin.

28. Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad.

29. Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí.

30. Ba shagairt an mhuintir a d'ullmhaíodh meascán na spíosraí.

31. Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.

32. Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid.

33. Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d'oíche.

34. Ba iadsan cinn finí na Léivíteach in ord de réir gaoil. Bhí cónaí ar na ceannairí seo in Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 9