Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 9:23-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Bhíodar féin agus a gclann mhac i bhfeighil gheataí Theampall an Tiarna, teach na Botha.

24. Bhí gardaí na ngeataí ar na ceithre sleasa - thoir, thiar, thuaidh agus theas.

25. Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham.

26. Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.

27. Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin.

28. Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad.

29. Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí.

30. Ba shagairt an mhuintir a d'ullmhaíodh meascán na spíosraí.

31. Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.

32. Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid.

33. Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d'oíche.

34. Ba iadsan cinn finí na Léivíteach in ord de réir gaoil. Bhí cónaí ar na ceannairí seo in Iarúsailéim.

35. Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón agus ar Ieíéil; Mácá ab ainm dá bhean seo.

36. Abdón a chéadghin, ansin Zúr, Cís, Bál, Néar, Nádáb,

37. Gador, Aichió, Zacairiá, Micleot -

38. eisean athair Shimeám. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta i Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.

39. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.

40. Meirí Bál mac Iónátán. Ghin Meirí Bál Míceá.

41. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, [Áchaz].

42. Ghin Áchaz Iará; ghin Iará Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.

43. Ghin Mózá Bineá; Rafáiá a mhac; Eileásá a mhacsan, Ázael a mhacsan.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 9