Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Croinicí 8:32-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Micleot - eisean athair Shimeá. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta in Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta.

33. Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál.

34. Meirí Bál mac Iónátán; agus ghin Meirí Bál Míceá.

35. Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, Áchaz.

36. Ghin Áchaz Iahóadá. Ghin Iahóadá Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá.

37. Ghin Mózá Bineá; Ráfá a mhac; Eileásá a mhacsan: Ázael a mhacsan.

38. Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, [Bocarú,] Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le Ázael iadsan go léir.

39. Clann mhac Éisic a dheartháir: Úlám a chéadghin, Ieúis a dhara mac, Eilífilit a thríú mac.

40. Ba ghaiscígh thréana iad clann Úlám, agus saigheadóirí. Bhí sliocht mór orthu féin, agus ar a sliochtsan arís, céad go leith díobh. Ba de chlann Bhiniáimin iad go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Croinicí 8